[Sinn Fein]

17 Deireadh Fómhair 2001


Bairbre de Brún le bheith ag Slógadh Shinn Fein i Ráth Cairn

Ba mhaith le Cumann Shinn Fein a mheabhrú do dhaoine go mbeidh Slógadh Shinn Fein i Ráth Cairn ag déanamh plé speisialta ar pholasaí an Phairtí i leith na Gaeilge faoin téama ``Sinn Fein - Cén difear don Ghaeilge''.

Anuraidh reáchtáladh an Slógadh i Ráth Cairn den chéad uair tar éis deireadh le cosc 20 bliain ar Shinn Fein áiseanna an Árais Phobail Ráth Cairn a úsáid. I ndiaidh gur éirigh chomh mhaith sin leis an Slógadh anuraidh iarradh ar an gCumann áitiúil Slógadh 2001 a reáchtáil arís i mbliana. Mar a bhí anuraidh craolfar clár uair an chloig ``Seó Beo an tSathairn'' de chuid Raidío na Gaeltachta le linn an tSlógaidh

Cuirfear tús leis an Slógadh i mbliana ar óiche Aoine an 19 Deireadh Fómhair agus leanfar leis thar an deireadh seachtaine sin. I measc na >n-eochairchainteoirí beidh Bairbre de Brún, MLA, Aire Sláinte ó Thuaidh agus an tOll. Daithí Ó hÓgáin, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath. Slógadh ina mbeidh na rannpháirtithe lánpháirteach ann a bheas ann i mbliana mar go mbeidh lucht a fhreastaltha ag obair i ngrúpaí oibre ar ghnéithe faoi leith maidir le polasaí Gaeilge an pháirtí. Beifear ag súil go bhfeicfí amach anseo cur i gcrích na moltaí a thiocfas as an Slógadh seo. Dá bharr beidh béim faoi leith á leagan ar chur i bhfeidhm agus i gcrích pholasaí Shinn Fein i leith na teanga.

Mar aon le hobair dháiríre an tSlógaidh beidh ceol, amhránaíocht, míreanna drámaíochta, filíocht agus damhsa sna hoícheanta chomh maith le Dinnéar Mór an tSlógaidh oíche Dé Sathairn agus turas staire ar an Domhnach.

Tá broisiúr agus clár ama an tSlógaidh á scaipeadh anois ar na cumainn uilig ar fud na tíre. Dóibh siúd ar mhaith leo taisteal ar an traein níl le déanamh ach taisteal go Bhaile Átha Cliath agus traein a fháil go Droichead Átha (treanacha gach 30 nóiméad) agus beidh bus ann len iad a thabhairt go Ráth Cairn agus ar ais. Ní mór socrú a dhéanamh roimhré chun an tseirbhís traenach agus bus seo a úsáid.

Tuilleadh Eolais, bróisiúir, áirithintí ó Shinn Fein na hUaimhe ag (00353) (0)46 21345 cairdesf@iol.ie nó ó Rúnaí an Chumainn i Ráth Cairn ag (00353) (0)46 32652 nó ag crosson@clubi.ie (Déan teagmháil leis an Rúnaí faoi bhus an tSlógaidh)

Seán Ó Riain, OCP Chumann Ráth Cairn

Baile (046) 32338 Oifig (046) 31202 Fón Póca (087) 2877 283

Ríomphost: seanoriain@eircom.net

Bairbre de Brún to attend Sinn Fein Slógadh in Ráth Cairn

The Ráth Cairn Sinn Fein Cumann would like to remind people that Sinn Fein's annual Slógadh will take place in Ráth Cairn this year with a special emphasis on analysing the Party's Irish Language Policy. ``Sinn Fein - What difference for the Irish Language?'' is the theme of this year's Slógadh

The Slógadh was also held in Ráth Cairn last year after a 20 year government imposed ban on Sinn Fein using community facilities in Ráth Cairn. The Ráth Cairn Sinn Fein Cumann were invited to organise the Slógadh again this year having organised one the best ever of Sinn Fein's Slógadhs. Raidío na Gaeltachta will also broadcast live from Ráth Cairn during the Slógadh

This year's Slógadh will commence on Friday night the 19th October and will contniue through the weekend. Amongst the keynote speakers will be Bairbre de Brún, the North's Health Minister and Professor Daithí Ó hÓgáin of UCD. This year there will be a special emphasis on participation of delegates by way of workshops and workgroups on important features of Sinn Fein Irish Language Policy. Special importance will be placed on the implementation of policy and monitoring of implementation of that policy.

When the hard word is completed delegates and visitors will be able to partake or enjoy in the other events that will form part of this year's Slógadh, music, singing, poetry, set-dancing, drama, historical tour, and the Slógadh Dinner.

The Slógadh Brochure and Timetable has now been published and furnished to all Cumainn throughout the country. Special arrangements have been made this year to provide a feeder bus from Drogheda to Ráth Cairn and back. As there is now a half hourly commuter service from Dublin to Drogheda, this means that Drogheda is only a half hour away from all main lines and can be accessed directly from Belfast. Prior arrangements must be made to avail of the feeder bus.

Further information, brochures, booking from Sinn Fein in Navan at (00353) (0)46 21345 cairdesf@iol.ie or from Rúnaí Chumann Shinn Fein Ráth Cairn at (00353) (0)46 32652 or at crosson@clubi.ie (Arrangements should be made with An Rúnaí regarding the feeder bus.)

Seán Ó Riain, OCP Chumann Ráth Cairn

Baile (046) 32338 Oifig (046) 31202 Fón Póca (087) 2877 283

Ríomphost: seanoriain@eircom.net

An Clár

Dé hAoine

18.30 Clárú

19.30 Taispeántas na Stailceanna Ocrais

21.00 Fáilte agus `Seó Rath Cairn'

22.00 Oiche Cheoil/Sean-Nós

Dé Sathairn

09.0 Clárú agus cupán tae

10.30 Cathaoirleach: Joe Reilly MCC
Aoichainteoiri:
Bairbre de Brún, MLA, Aire Sláinte
An toll. Daithi Ó hÓgáin, Ollscoil Bhaile Átha Cliath

12.0 Oscailt Oifigiúil

13.0 Lón

14.0 Grúpai Oibre ar théama an tSlógaidh

15.0 Sos

15.15 - 16.40 Tuairisciú ó na grúpaí agus plé oscailte

17.0 Dinnéar Mór an tSlógaidh (Bronnadh Ghradam na Poblachta

21.30 Oiche Cheoil is Slcéipe i gClub Ráth Cairn

Dé Domhnaigh

10.15 Aifreann

12.30 Turas Staire


Sinn Fein Press Office, 44 Parnell Square, Dublin 1
Tel: +353-1-8726100 and +353-1-8726839   ·   Fax +353-1-8733074
E-mail: sinnfein@irlnet.com   ·   Website: http://www.sinnfein.org


Sinn Fein   ·   Sinn Fein Documents