[Sinn Fein]

21ú Eanair 2003


Cruinniú idir Uachtarán Shinn Fein Gearóid Mac Ádhaimh agus an t-Aire Éamonn Ó Cuiv I mBaile Átha Cliath.

Bhuail Uachtarán Shinn Fein, Gerry Adams leis an t-Aire Éamonn Ó Cuiv I dTeach Laighean inniu. Is I gcomhthéacs go bhfuil an t-Aire Ó Cuiv ag taisteal go Béal Feirste ar an Déardaoin seo chugainn agus ós rud é go mbeidh Gerry Adams anonn I Londain gur tapú ar an deis.

D'árdaíodh ceisteanna éagsúla I gcaitheamh na cruinnithe. I measc siúd labhair Gearóid Mac Ádhaimh leis an t-Aire fa choinne na ciorraithe a fógraíodh le deirneas sa Bhille Airgeadais. Duirt an t-Uasal Mac Ádhamh gurb cúis imní é do lucht tacaíochta Shinn Fein agus gníomhaí agus gluaiseacht na Gaeilge go gcuirfí bac forbairte ar chuid mhaith de na tograí atá á thógáil ag pobal na Gaeilge, ar Phlean Straitéiseach Foras na Gaeilge, ar TG4 agus ar Phlean Forbartha na Gaeltachta.

Sna sé chontae, a dúirt sé, don chéad uair ó bunaíodh an stát chonnacthas dúinn go mb fhéidir go mbeadh muid in ann tógáil níos leithne a dhéanamh ar thionscnaimh le cur chun cinn a dhéanamh ar Ghaeilge a leathnú mar theanga phobail I dtaobh grúpaí pobail, cúrsaí oideachais agus neart ábhair eile atá ag bláthú an t-am ar fad. Don chéad uair in stair na tire bhí aitheantas éigint tugtha don Ghaeilge mar thoradh ar socrú Aoine an Chéasta. Ach anois tá imní ar an bpobal go bhfuil na cosa á ghearradh muna dtagann an dá rialtas aniar aduaidh ar an scéil. 

Pléadh ábhair a bhaineann leis an t-athbhreithniú atá tosaithe ag an t-Aire Ó Cuiv I leith teorannacha na Gaeltachta agus an stádas dhá theangach atá á lorg ag cathar na Gaillimhe. D'árdaigh Lucilita Bhreatnach, Oifigeach Chultúir Shinn Fein freisin gur cóir breathnú ar áiteacha ar nós ceantar Thamhlachta (I mBaile Átha Cliath) agus Iarthar Bhéal Feirste ina measc le aitheantas a thabhairt don phobal Gaeilge atá ag fás sna réimsí éagsúla laethiúil agus gur cóir freisin stádas ar leibhéal áirithe a thabhairt sna cásanna seo freisin taobh amuigh den lár Ghaeltacht.

D'fháiltí ionadaithe Shinn Fein le fógra na maidine go bhfuil leas phríomh fheidhmeannach faoi dheireadh á fhostú ag Foras an Gaeilge I mBéal Feirste. Tugadh le fios dúinn go bhfuil sé mar sprioc ag an Rannóg go mb fhéidir na heochair phostanna eile san Fhoras a fhógrú taobh istigh de cúpla seachtaine.

Dúradh linn freisin gur cosúil go mbeidh na leasuithe ar an mBille Teanga ullamh taobh istigh de choícíse rud atá muid go léir ag súil leis.


Sinn Fein Press Office, 44 Parnell Square, Dublin 1
Tel: +353-1-8726100 and +353-1-8726839   ·   Fax +353-1-8733074
E-mail: sinnfein@irlnet.com   ·   Website: http://www.sinnfein.org


Sinn Fein   ·   Sinn Fein Documents