[Sinn Fein]

30th March 2003


Sinn Fein Ard Fheis 2003

Bairbre de Brún MLA ag labhairt ar rúin 232 agus 235

Ó thus na gcainteanna gcainteanna ar eascraigh Comhaontú Aoine an Chéasta astu, chuir Sinn Fein in iúl go soiléir go mbeadh sé riachtanach, cosaint chuimsitheach ar chearta daonna - mar aon le cearta sibhíalta, polaitiúla, eacnamúla, sóisialta, agus cultúrtha- a bheith sáinnithe go smior in aon struchtúir, nó in aon institiúidí nua.

Chomh maith le seo, chuir muid in iúl go gcaithfí aird chuí a thabhairt do chearta, agus do fhéiniúlacht aon phobail atá ina mhionlach. Caithfear sin a dhéanamh cibé socraithe bunreachtúla atá i bhfeidhm anois sa lá atá inniu ann, nó sa todhchaí. Tá rud amháin atá barr-shoiléir ó ré na críochdheighilte i Leith. Is é sin nach n-oibríonn aon chóras gan an gcomhionnanas a bheith lárnach ann.

Ar an drochuair, is fadhb leanúnach é go bhfuiltear fós drogallach, na geallúintí sa Chomhaontú i dtaobh an chomhionannais agus cearta daonna a fheidhmiú. Caithfidh muid díriú ar an drogall sin, chun dul i ngleic leis go héifeachtach.    

Agus an cheist seo á cur os comhair an Tionóil go rialta agus go minic, rinne Sinn Fein dearfa de go bhfuil an Comhionannas agus Cearta Daonna ar bharr an chláir le linn cainteanna Croimghlinne. Caithfidh an dá gné sin (Comhionannas agus Cearta Daonna) a bheith i gcroí lár réiteach ar bith agus Comhaontú Aoine an Chéasta á chur i gcrích. Teastaíonn uainn go mbeidh dul chun cinn fírinneach dáiríre ann maidir le comhionannas sóisialda agus eacnamaíochta, le cearta do phobail shoghonta, le cearta teanga, le cearta do dhaoine a d'fhulaing i slite éagsúla agus sa phróiseas a phléann le Bille Cearta.

Chun a méid sin thuas a chur i gcrích go sásúil caithfidh institiúidí stáit a bheith ann atá inghlactha, a bhfuil leas an phobail iomláin mar aidhm acu, ar gach léibhéal agus do ghach uile aicm agus a thugann cothrom na Feinne d'achan duine agus d'achan grúpa sa tsochaí.

Teastaíonn uainn comhionannas a bheith ann agus teastaíonn uainn, fosta, ionadaíocht a bheith ann - ní hamháin sna hinstitiúidí polaitíochta - ach i ranna an Rialtais, sna cúirteanna agus sa chóras dlí, sa phóilíneacht agus sna seirbhísí poiblí

Teastaíonn uainn modhanna éifeachtacha a bheith ann, modhanna a thabharfaidh fuinneamh agus neart do chlár na gcearta agus don chomhionannas sa tslí is go mbeidh buaine agus seasmhacht sa chlár sin.

Agus ceist an chomhionannais á scrúdú, caithfidh béim a chur ar na préamhacha eacnamaíochta is cúis leis. Caithfidh infheistíocht a dhéanamh sna ceantracha is ísle brí - náisiúnach agus aontachtach - infheistíocht a bhunófar ar staitisticí agus ar eolas atá againn cheana féin, staitisticí a bhaineann leis an bhochtaineacht agus leis an dífhostaíocht, agus staitisticí atá le fáil ón daonáireamh a bhí ann le déanaí. Caithfidh muid aird a dhíriú ar cheantracha a gealladh leo roimhe seo go mbeadh biseach ar an scéal. Má theipeann orainn an ciorcal a bhriseadh sna ceantracha sin, ní bhrisfear é go deo.

Is iomaí constaic pholaitiúl atá ann Éire cothrom a chruthú - Éire a chomhlíonann an fhís uasal sin. Chun na constaicí sin a chur ar leataobh, caithfidh muid teacht le chéile le grúpaí eile ar aon intinn linn féin, grúpaí ar mhaith leo éigearta de chuile shaghas a mharú. B'fhéidir nach mbíonn achan duine ar aon intinn linn ó thaobh réiteach na faidhbe ach tuigtear dóibh saoránacht den dara grád.

Agus saibhreas na tíre á mhéadú agus á roinnt, is tábhachtach ar fad é go mbeadh na deiseanna céanna ann d'achan duine san fhostaíocht, san oideachas agus mar sin de. Caithfidh deimhin a dhéanamh de nach bhfágfar dream ar bith ar an taobh amuig. Caithfear mionlacha agus grúpaí laga a neartú. Má leantar ar an mbealach sin, is fearr go mór a thiocfar ar thimpeallacht bhuan sheasmhach agus ar chóras pholaitiúil úr, córas a mbeidh an daonra ag tacú leis agus muinín acu as.


Sinn Fein Press Office, 44 Parnell Square, Dublin 1
Tel: +353-1-8726100 and +353-1-8726839   ·   Fax +353-1-8733074
E-mail: sfpress@eircom.net   ·   Website: http://www.sinnfein.org


Sinn Fein   ·   Sinn Fein Documents