[Sinn Fein]

1 July 1998


Céim chun tosaigh

Bairbre de Brún, Ionadaí Shinn Fein i mBéal Feirste Thiar ag caint i nGaeilge ag an chéad cruinniú den Tionól inniu:

``Ar eagla nach bhfuil an t-uasal McCartney soiléir faoin mhéid a deir páirtí s'againn faoi phost an Chéad Aire agus an Leas Chéad Aire is léir go bhfuilimid anseo le comhoibriú le ionadaithe na páirtithe eile.

Céim chun tosaigh atá sa chruinniú. Tá a lán céimeanna eile le glacadh go fóill.

Tá Sinn Fein anseo de thairbhe na ndaoine a vótáil ar ár son. Is amhlaidh an chás do na páirtithe eile.

Is iad an UUP agus an SDLP an dá pháirtí is mó sa Tionól seo agus is ceart agus is cóir go mbeadh céad acu ionadaí de páirtí s'acu a bheith mar Chéad Aire agus mar Leas Chéad Aire.

Tá cearta ag páirtí s'againn. Tá cearta ag páirtithe eile.

Má théimid uilig ar aghaidh ar an bhonn seo thig linn an institiúd seo agus na hinstitiúidí uilig eile a thógáil, chomhmaith le amhchlár le athrú bunúsach a chur i bhfeidhm.

Nóta: Feach ráiteas Gearóid Mac Ádhaimh, Uachtarán Shinn Fein faoin slí a raibh Sinn Fein chun tabhairt faoin vótáil ar cheist an Chéad Aire agus Lead Chéad Aire.

I gcaitheamh an t-am go raibh Bairbre de Brún ag caint ina sheasamh, d'éirigh Ian Paisley óna chathaoir agus shiúl sé amach ón seomra chomdhála isteach san ionad phoiblí. Nuair a chríochnaigh Bairbre de Brún d'fhill sé thar n-ais arís.


Sinn Fein Press Office, 44 Parnell Square, Dublin 1
Tel: +353-1-8726100 and +353-1-8726839   ·   Fax +353-1-8733074
E-mail: sinnfein@irlnet.com   ·   Website: http://www.sinnfein.org

Released in the US by:

Friends of Sinn Fein, 510 C Street, NE, Washington DC 20002
Tel: +1-202-547-8883   ·   Fax +1-202-547-7889
E-mail: fosf@irlnet.com   ·   Website: http://www.sinnfein.org


Sinn Fein   ·   Sinn Fein Documents
Web publication by sfweb@irlnet.com