[Sinn Fein]

13 Nollag 1999


Céad Chruinniú den Chomhairle Áireach Uile Éireannach

Ag labhairt dóibh i ndiaidh an chruinnithe tosaithe den Chomhairle Áireach Uile Éireannach in Ard Mach inniu, dúirt Áirí Shinn Fein, Martin Mc Guinness agus Bairbre de Brún `gur lá fíor stáiriúil atá ann, agus go gcuireann sé tús leis an réalachas polaitiúil nua ar oileán na hÉireann'.

``Tugann an chéad chruinniú seo, den Chomhairle Áireach Uile Éireannach, anseo in Ard Macha an an réalachas polaitiúil nua ar oileán na hÉireann fa' dheara. Tá poblachtanaithe anois páirteach i riarachán polaitiúil nua, ina bhfuil ionadaithe tófa ó fud fud na hÉireann. Ní féidir tábhacht an córas smaoinimh, pleanála agus gníomhaithe ar bhonn uile Éireannach a sharmheasú. Táimid ag súil leis an chóras seo a neartú agus an obair seo a fhorbáirt i mbealach fuinneamhach, cumhachtach.

``Is comhartha do náisiúnaithe é seo, an cruinniú tosaithe seo den Chomhairle Áireach Uile Éireannach go bhfuil céim ar aghaidh glactha i dtreo aitheantas ár gcearta agus fíor-ionannas do chách ar an oileán seo. Is céim í, chomh maith, ar an bhóthar i dtreo reitigh buain.

``Tabharfaidh Sinn Fein léargas polaitiúil do na hinstitiúidí nua seo a bheas radacach, poblachtanach agus ar son na lucht oibre. Tabharfaidh muid polasaithe uile Éireannach chun tosaí a ngabhfaidh i ngleic leis na fadhbanna atá ann do dhaoine i ngach gné dá saolta laethúla.

``Tabharfaidh daoine eile a léargas-san polaitiúil féin leo ach ba chóir breathnú ar an éagsúlacht seo mar neart agus chan mar deacracht. Tá caoi againn anois chun bealaí úra a aimsiú ina mbeidh muid in ann comhoibriú le chéile agus chun tuiscint go bhfuil go leor comhchuspóirí eadrainn.

``Tá poblachtánaithe ag iarraidh tódhchaí a thógáil atá bunaithe ar pháirtíocht agus comhionannas. Táimid ag iarraidh sin a dhéanamh tríd páirtíocht ar leith idir náisiúnaithe eile agus ionadaithe aontachtóireachta chun seo a bhaint amach.

``Creidim go dtiocfaidh na comhchuspóirí sin chun tosaí tríd an chomhoibriú sin agus gur féidir linn na caoithe nua atá i ndán dúinn a ghabháil. Is féidir leis seo a bheith - agus tá súil agam go mbeidh sé - ina thús nua don tíre seo ar fad.''CRÍOCH


Sinn Fein Press Office, 44 Parnell Square, Dublin 1
Tel: +353-1-8726100 and +353-1-8726839   ·   Fax +353-1-8733074
E-mail: sinnfein@irlnet.com   ·   Website: http://www.sinnfein.org


Sinn Fein   ·   Sinn Fein Documents
Web publication by sfweb@irlnet.com